Comhaltaí an Bhoird
Cheap an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha comhaltaí an Choimisiúin ar an 2 Nollaig, 2003. Tá taithí ag an mBord a ceapadh i réimse feidhmeanna lena n-áirítear na meáin chumarsáide agus cúrsaí tráchtála, ceardchumainn, riaracháin, sóisialta, cultúrtha, oideachais agus gníomhaíochtaí pobail. Is iad comhaltaí an Bhoird:
Conor J. Maguire : Cathaoirleach - Abhcóide Sinsir
Mary Davis : Príomhfheidhmeannach, Coiste Eagrúcháin Chomórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2003
Kay McGuinness : Stiúrthóir, Southern Advertising Agency
Vivienne Jupp : Comhpháirtí Sinsir, Accenture
Mary Kerrigan : Iriseoir, Abhcóide
John Waters : Iriseoir, Úrscéalaí, Drámadóir
Angela Kerins : Cathaoirleach, An tÚdarás Náisiúnta Míchumais Chairperson, Stiúrthóir, Grúpa Rehab.
Tom Collins : Stiúrthóir, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
John O'Brennan : Cathaoirleach, Raidió Pobail Bhaile Átha Cliath Theas.
Uachtarán Náisiúnta, Institiúid Bhainisteoirí Comhar Chreidmheasa
Joe Griffin : Stiúrthóir, Coláiste Ashfield
Tionóltar cruinnithe an Bhoird ar bhonn mhíosúil le gach ceist bheartais a bhaineann le gníomhaíochtaí an Choimisiúin a phlé. Tá mionsonraí faoi na cruinnithe seo agus na cinntí a éiríonn astu ar fáil ó CCÉ de réir
an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997.
Críochnóidh tréimhse oifige an Bhoird reathúla nuair a bhunaítear Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ). Bunófar ÚCÉ ar bhonn reachtúil agus glacfaidh sé ról agus feidhmeanna CCÉ agus feidhmeanna áirithe rialacháin ó Údarás RTÉ.