Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system
About Us

Achtanna Rialúcháin

 

Mar chomhlacht reachtúil, tá CCÉ rialaithe ag Achtanna éagsúla rialtais, a thugann dúinn ár dtéarmaí tagartha. Faoi seo tá stair ghairid agus imlíne ar na príomh phíosaí reachtaíochta a rialaíonn gníomhaíochtaí CCÉ.:


An tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988

I mí Meitheamh 1988 d’achtaigh an tOireachtas an tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988 a rinne foráil do bhunú an Choimisiúin um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (CRTN). I mí Dheireadh Fómhair, 1988, bhunaigh an tAire Cumarsáide, Ray Burke, TD, an Coimisiún go foirmeálta. Leagadh amach príomh ról an CRTN in Acht 1988 a shonraigh “go mbeidh sé d’fheidhm ag an gCoimisiún conarthaí a dhéanamh chun seirbhísí craolacháin fuaime agus seirbhís clár teilifíse de bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn Radio Telefís Éireann a chur ar fáil.” Thug codanna eile den Acht an t-údarás agus na cumhachtaí don gCoimisiún a bhí riachtanach chun forbairt na hearnála neamhspleách raidió agus teilifíse sa Stát seo a chinntiú.

Gliogáil anseo le leagan .pdf den Acht Raidió agus Teilifíse 1988 a fheiceáil. (pdf 104kb)


An tAcht Craolacháin 2001

I mí Meánfómhair 2001, achtaíodh an tAcht Craolacháin, 2001 agus athraíodh ainm na h-eagraíochta ón CRTN go Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ). Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Ms. Síle de Valera, isteach an t-acht a thug cumhachtaí suntasacha breise do CCÉ. Ináirithe leosan bhí forbairt rialacha agus cód i leith clár agus fógraíochta do gach craoltóir agus ceadúnú seirbhísí breise teilifíse le córais digiteacha, cábla, MMD agus saitilíte.

 

Gliogáil anseo le leagan .pdf den Acht Craolacháin, 2001 a fheiceáil (pdf 194kb)


Is féidir teacht ar fheidhmeanna breise eile sa rannóg den láithreán Mar Gheall Orainn.


An tAcht Craolacháin (Maoiniú), 2003

Achtaíodh an tAcht Craolacháin (Maoiniú), 2003 ar an 23 Nollaig 2003 agus sannaíonn sé freagracht ar CCÉ Scéim(eanna) maoiniú a fhorbairt agus a riaradh chun tacú le cláir nua teilifíse agus raidió.

‘Sé croí sprioc na Scéime Maoiniú Craolacháin rochtain don bpobal a mhéadú ag leibhéil náisiúnta, áitiúil agus pobail ar chláracha raidió agus teilifíse d’ard-chaighdeán i mBéarla agus i nGaeilge a fhéachann ar théamaí chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann, i gcomhthéacs comhaimseartha nó staire.

Déanfar an Scéim Craolacháin(Maoiniú) a mhaoiniú trí leithdháileadh bliantúil de 5% den ioncam glan ó tháillí cheadúnas teilifíse agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh trí bhliana ar dtús. Tá’n ciste ar fáil do chraoltóirí raidió agus teilifíse agus do chuideachtaí neamhspleácha léirithe agus seolfar an chéad chéim go luath sa mbliain 2005.

 

Gliogáil anseo leis an leathanach faoin gCiste Craolacháin ar ár láithreán a fheiceáil.


An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

Mar chomhlacht seirbhíse poiblí, is féidir rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh CCÉ de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997. Bunaíonn an tAcht trí cheart reachtúil:

  • ceart de réir an dlí do gach duine rochtain a bheith acu chuig faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
  • ceart de réir an dlí do gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi a leasú nuair a bhíonn sí easnamhach,mícheart nó míthreorach; agus
  • ceart de réir an dlí cúiseanna a fháil maidir le cinntí a bhaineann leis an duine féin.
Dearbhaíonn an tAcht an ceart atá ag daoine den phobal rochtain a fháil chuig faisnéis oifigiúil a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta an duine aonair.

D’ullmhaigh CCÉ leabhar tagartha le rochtain chuig faisnéis oifigiúil atá i seilbh an Choimisiúin a éascú. Soláthraíon an leabhrán faisnéis faoi:
  • struchtúr agus feidhmeanna CCÉ;
  • mionsonraí faoi na seirbhísí a sholáthraíonn sé agus conas leas a bhaint astu;
  • faisnéis faoi na h-aicmí de thaifid atá ina sheilbh;
  • mionsonraí faoi na rialacha, nósanna imeachta, cleachtais, treoirlínte agus míniúcháin a úsáideann an Coimisiún chun críche chinntí, cinní agus
  • moltaí agus faisnéis faoi conas iarratas a a chur faoi bhráid an Choimisiúin de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 & An Achta um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003