Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system

Cóid

Rialacha Rochtana

Deimhníonn na rialacha rochtana na leibhéil fotheidealú, de Theanga na mBodhar agus de chur síos i bhfocail a mbeidh ar chraoltóirí in Éirinn a sholáthar de réir a ndualgas reachtúil. Tugadh treoir do CCÉ na rialacha a dhréachtadh de réir fhorálacha an Achta Craolacháin 2001.

Chuir an reachtaíocht riachtanas ar CCÉ rialacha a dhréachtadh a chuirfidh riachtanas ar chraoltóirí céimeanna a ghlacadh le tuiscint agus taitneamh as cláracha a chur chun cinn dóibh siúd atá bodhar, a bhfuil moill éisteachta orthu nó atá dall nó a bhfuil lagamhairc acu. Ceadaíonn sí do na rialacha an céatadán de chláracha a chraolann an craoltóir a bhfuil inrochtanacht riachtanach dóibh a shonrú.

Forbraíodh an cód trí chomhairleacht poiblí chomh maith le haighneachtaí a fuarthas iad ó ghrúpaí éagsúla sainspéise. Tháinig an cód i bhfeidhm ar an 1 Márta 2005.



Cén stáisiúin a mbainfidh na Rialacha Rochtana leo?

Ní bhainfidh na Rialacha Rochtana a d’fhorbair CCÉ ach le craoltóirí i ndlínse Phoblacht na hÉireann. Ciallaíonn sé seo go mbainfidh na Rialacha Rochtana leis an gceithre sheirbhís domhandach dúchasach, ‘siad sin RTÉ 1, RTÉ 2, TG4 agus TV3. Coinníonn CCÉ an ceart na rialacha agus an méid a bhaineann siad le seirbhísí nua a cheadúnóidh CCÉ de réir an Achta Craolacháin 2001 a fhorleathnú. Déanfar an measúnú seo ar bhun ‘cás ar chás’.

Taispeáin dom na Rialacha Rochtana.

Is féidir teacht ar dhoiciméid a bhaineann le forbairt an chóid sa tábla thíos.

 

Rialacha Rochtana
Tideal agus nasc: Mead:
Report of the Chairperson to the Broadcasting Commission of Ireland on the proceedings of the Access Consultative Forum (pdf 147kb)
Accessing Television (pdf 356kb)
Access Rules Consultation Document (pdf 187kb)
Access Rules: Statement of Outcomes (pdf 73kb)
Access Rules: Review of submissions received (pdf356kb)