Cóid
Cód CCÉ i leith Fógraíochta do Leanaí
De réir Alt 19 den Acht Craolacháin 2001, cuireadh freagracht ar an gCoimisiún cód fógraíochta craolacháin a fhorbairt go sonrach i gcóir fógraíochta do leanaí. Clúdaíonn an cód seo fógraíocht, urraíocht agus saghasanna eile tionscnaimh tráchtála gur dócha go mbeadh spéis díreach nó indíreach ag leanaí iontu. Sonraíonn an cód na caighdeáin a chaithfear iad a chomhlíonadh agus na rialacha agus na cleachtais nach mór déanamh dá réir.
Forbraíodh an cód agus feidhm á bhaint as comhairleacht trí-chéime phoiblí a mhair thar tréimhse de 18 mí. Chuir an Coimisiún san áireamh aighneachtaí ón bpobal agus ó leanaí, ó chraoltóirí, fógróirí, comhlachtaí sláinte agus ó chomhlachtaí rialtais.
Tháinig an cód i bhfeidhm ina iomlán ar an 1 Eanáir 2005 agus déanann sé athsholáthar ar Alt 14 de na Cóid i leith Caighdeáin, Cleachtais agus Toirmisc agus Saghasanna Eile Tionscnaimh Trachtála sna Seirbhísí Craolacháin. Baineann an cód leis na seirbhísí craolacháin uilig in Éirinn.
Cód i leith Fógraíochta do Leanaí.
Is féidir doiciméid a bhaineann le forbairt an chóid a fháil sa tábla thíos.
Gliogáil anseo leis an cód i leith fógraíochta do leanaí a fheiceáil.