Faoi Alt 19 den Acht Craolacháin 2001, ordaíodh don gCoimisiún cóid agus rialacha breise a fhorbairt le Cóid 1995 de chuid an Aire agus a gcuid leasuithe a athsholáthar.
Rinne an Coimisiún obair shuntasach ar fhorbairt an Chód Fógraíochta do Leanaí agus na Rialacha Rochtana. Tháinig an Cód Fógraíochta do Leanaí i bhfeidhm go hiomlán ar an 1 Eanáir 2005 agus seoladh na Rialacha Rochtana ar an 1 Márta 2005. Tosóidh an obair ar fhorbairt na gcód eile a chlúdaítear iad in Alt 19 sa dara leath den bhliain 2005.
Bainfidh na cóid uilig, ach amháin na rialacha i leith líon na nóiméad fógraíochta, le gach craoltóir – poiblí, príobháideach agus raidió agus teilifís pobail.