Cóid de chuid an Aire
An Cód i leith Caighdeán, Cleachtas agus Toirmisc agus Saghasanna Eile Tionscnamh Díolacháin sna Seirbhísí Craolacháin.
Leag an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhí ann amach na Cóid de chuid an Aire faoi Alt 4 den Acht Craolacháin 1990. Leasaíodh na cóid seo i Mí Dheireadh Fómhair 1999 len’iad a chur in oiriúint d’fhorálacha na treorach Teilifís gan Teorainn san Eoraip.
Clúdaíonn na cóid seo Caighdeáin, Cleachtais agus Toirmisc sa bhFógraíocht maraon le saghasanna eile Tionscnaimh Díolacháin. Déanfaidh Cód Ginearálta i leith na Fógraíochta athsholáthar ar na cóid seo, a thosóidh CCÉ ar iad a fhorbairt sa dara leath den bhliain 2005.
Déan gliogáil ar na nascanna thíos leis an cód a fheiceáil:
Show me the Ministerial Codes
Show me the BCI appendices to the Ministerial Codes for Independent Broadcasters
Aguisíní CCÉ don Chód do Chraoltóirí Neamhspleácha.