Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system
Monatóireacht agus Comhlíonadh

Déanann an Coimisiún monatóireacht ar a chuid seirbhísí ceadúnaithe uilig lena chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid oibleagáidí reachtúla agus téarmaí a gconarthaí.

Áirítear le monatóireacht:
  • Measúnú ar oibleagáidí reachtúla agus conarthacha i leith cláracha
  • Struchtúir úinéarachta agus rialú
  • Gníomhú airgeadais agus trádala
  • Cleachtais bainistíochta acmhainní daonna
  • Áiseanna stiúideo agus tarchurtha

Monatóireact Chláir

Dhein an Coimisiún monatóireacht ar thart ar 2,200 uair a chloig de chláracha raidió agus teilifíse i 2004 mar chuid dá chúram monatóireachta, méadú de 20% ar 2003.

 

Déanann an Coimisiún monatóireacht neamhrialta agus tástáltar cláracha ó thaobh comhlánú le códanna agus fearaistí reachtúla agus comhlánú le Ráiteas Beartais Clár an stáisiúin. Deineadh monatóireacht ar sheirbhísí pobail, tráchtala agus institiúide.

 

Chuir monatóiracht na staisiúin uilig i 2004 na claontaí a leanas in iúl:

 

(a)       Nuacht agus cúrsaí reatha

De réir reachtaíocht craolacháin tá riachtanas de sholáthar 20% de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha in aon lá amháin craolacháin agus íosmhéid de 2 uair a chloig idir 7rn agus 7in. I ngach cás taobh amuigh de dhá cheann fuarthas go raibh na stáisiúin ag feidhmiú de réir na bhforálacha seo. Sa dá chás, cuireadh an fhadhb in iúl dos na stáisiúin agus iarradh orthu comhlánú amach anseo. Cuirfi dh monatóireacht 2005 in iúil conas a d’éirigh leo.

 

(b)       Fógraíocht, Urraíocht agus Tionscnaimh Trachtála

Déanann an t-Acht Raidió agus Teilifíse 1988 coinníoll de gurb é 10 nóiméad san uair agus 15% den lá iomlán craolacháin an uasmhéid d’fhógraí. Leagtar síos teorainn de sé nóiméad do stáisiúin raidió pobail de réir Beartais Raidió Pobail an Choimisiúin. Léirigh monatóireacht ar stáisiúin i 2004 titim i gcomlíonadh an tsoláthair seo i gcomparáid le 2003.

 

San iomlán, cuireadh sárú in iúl do 19 stáisiúin ceadúnaithe ag an gCoimisiún; díobh seo cuireadh dhá shárú in iúl do stáisiúin Raidió Pobail agus an chuid eile do sheirbhísí tráchtála; fuair stáisiún tráchtála amháin fógra faoi naoi shárú ar an dteorainn 10 nóiméad. I gcás go mbíonn an t-uafás sáraithe d’Alt 10(4) ag stáisiún nó fi ú aon riachtanas conartha nó reachtála, iarrtar orthu freagairt don gCoimisiún a leagann síos treoirlínte chun a chinntiú nach dtárlaíonn sáruithe go leanúnach.


(c)       Ráitis Beartais Clár

Tá próiseas monatóireachta chlár an Choimisiúin dírithe freisin ar mheasúnú a dhéanamh ar cé chomh maith agus a chomhlíonann craoltóirí riachtanais a Ráitis Beartais Clár. B’í an cheist ba mhinicí ar fad a ardaíodh ná an teip a bhí ar stáisiúin na spriocanna maidir le ceol Gaelach, mar a bhí sonraithe ina ráitis beartais a bhaint amach. Ardaíodh an cheist seo le trí stáisiún déag agus is dúshlán leanúnach anois é do chraoltóirí na gealltanais seo a chomhlíonadh.

 

Bhí comhlíonadh a ngealltanais maidir leis an gcóimheas idir chaint agus ceol go maith don gcuid is mó. Cuireadh stáisiún pobail amháin agus stáisiún institiúide ar an eolas maidir le díothachtanna ar an ábhar seo. Iarradh ar an dá cheann acu aghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus déanfar monatóireacht orthu sna míonna atá le teacht.