Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system
Fáilte chuig láithreán gréasáin Choimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ).

Cé muid féin?
Eagraíocht neamhspleách reachtúil is ea CCÉ atá freagrach as líon áirithe príomh-réimsí gníomhaíochta maidir le seirbhísí craolacháin in Éirinn. Bhunaigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Síle de Valera, T.D., an Coimisiún ar an 1 Meánfomhair 2001.

Cad a dhéanaimid?
Treoraíonn trí phíosa reachtaíochta saothar an Choimisiúin. Is iad sin an tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988, An tAcht Craolacháin, 2001 agus an Scéim Craolacháin (Maoiniú), 2003. Áirítear leis na bpríomh réimsí freagrachta:

  • ceadúnú seirbhísí neamhspleácha raidió agus teilifíse
  • monatóireacht ar na seirbhísí ceadúnaithe uilig lena chinntiú go gcomhlíonann sealbhóirí ceadúnas a n-oibligeáidí reachtúla agus téarmaí a gconarthaí
  • cóid agus rialacha a fhorbairt maidir le caighdeáin na gclár agus na fógraíochta
  • seirbhísí a cheadúnú ar chórais digiteacha, cábla, MMD agus saitilíte
  • eisíocaíocht a dhéanamh ar 5% den táille cheadúnas teilifíse la tacaíocht a thabhairt do chláracha nua teilifíse agus raidió
  • taighde a dhéanamh agus a choimisiúnú le cabhrú le forbairt bheartas craolacháin in Éirinn.

Gliogáil anseo le breis mionsonraí mar gheall ar ghníomhaíochtaí CCÉ a fheiceáil.

 

Cad atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin?

Tá súil againn go gceapann tú go bhfuil an láithreán úsáideach agus faisnéiseach. Áirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil ar ár láithreán:

  • foilsiúcháin uilig CCÉ
  • iarratais ar cheadúnais
  • nuacht eisiúintí
  • liosta na stáisiún ceadúnaithe
  • cóid CCÉ, lena n-áirítear an Cód Fógraíochta do Leanaí
  • mionsonraí i leith na Scéime Maoiniú Craolacháin

Bímid go leanúnach ag iarraidh an láithreán agus caighdeán na faisnéise atá á thairiscint a fheabhsú. Cuirimid fáilte roimh aon smaointe nó tuairimí atá agat, ná bíodh leisce ort aiseolas a thairiscint chuig nfo@bci.ie.