Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system
Tionscnaimh BCI

Craol


Is é CRAOL an comhlacht ionadaíoch i gcóir stáisiúin raidió pobail ar fud na tíre. Bunaíodh an Fóram sa mbliain 1996 le líonrú idir stáisiúin raidió Pobail agus stáisiúin raidió Phobal Sainspéise a éascú. Déanann an Fóram ionadaíocht ar son an t-iomlán de 18 stáisiún raidió Pobail agus Pobal Sainspéise ar fud na tíre.


Tá ballraíocht ar an bhFóram oscailte do gach stáisiún ceadúnaithe gur rannpháirtithe iad don gCairt Raidió Pobail.

Cuireann an Chairt idirnáisiúnta seo tuairimí chun cinn i leith uinéarachta dhaonlathaigh agus agus oibríochtaí nach do bhrabús iad. Cuireann sé tiomantas chomh maith ar na stáisiúin Raidió pobail an cheart chun cumarsáid a dhéanamh a chur chun cinn, cabhrú le saorshreabhadh faisnéise agus tuairimí agus léiriú cruthaitheach a mholadh agus cur leis an bpróiséas daonlathach agus leis an tsochaí iolraíoch.


Mhol an Fóram thairis sin áit an raidió pobail laistigh den earnáil dheonach agus pobail agus feiceann sé forbairt pobail mar an príomh-ról atá ag raidió pobail.

Lárionad seachadadh oiliúna creidiúnaithe ag FETAC is ea CRAOL agus tá obair déanta ar dhá mhodúil oiliúna ar scileanna sonracha chraoltóireacht pobail. Tá oiliúnóirí oiriúnacha do na módúil seo aitheanta ag CRAOL agus d’fhreastal 11 de na daoine seo, gur craoltóirí pobail iad féin, ar chúrsa oiliúna cheithre lá.

 

Bíonn an grúpa ina óstach chomh maith ar Fhéile Bhliantúil Oiliúna Raidió Pobail a thairgíonn do chraoltóirí pobail an deis a bheith rannpháirteach in oiliúint faoi réimse toipicí ábhartha.

 

Le breis eolais a fháil, gliogáil ar láithreán gréasáin CRAOL ag www.craol.ie.