Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system

Tionscnaimh BCI

Learning Waves - Skillnets

Bunaíodh Learning Waves, líonra oiliúna do stáisiúin raidió tráchtála, sa mbliain 2004. Déanann bord ionadaithe den fiche seacht stáisiún, de thrí líonra ón tionscal ( INN , IRS agus Éist) agus CCÉ maoirseacht ar an líonra.

D’éirigh leis an líonra maoiniú de €94,000 a fháil ó Skillnets, an tionscnamh náisiúnta a thacaíonn le bunú líonraí oiliúna. Thacaigh an maoiniú seo le forbairt líon áirithe cúrsaí atá creidiúnaithe ag FETAC i réimsí na Cumarsáide, Bainistíocht Gnó, Seirbhísí do Chustaiméirí agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Cheap fo-choistí de Learning Waves, a raibh pearsanra ó stáisiúin ar fud na tíre páirteach iontu, na modúil agus b’iad siúd a scríobh iad.

Anuas ar seo, rinne an tionscal 17 oiliúnóirí, ar dámhadh creidiúnú FETAC orthu, a earcú. Gníomh suntasach don earnáil is ea é seo mar léiríonn sé tiomantas láidir d’fhorbairt chultúr oiliúna agus do bhunú chaighdeán oiliúna. Léiríonn sé chomh maith na buntáistí a bhaineann leis an gcur chuige comhpháirteach ar ghlac an Coimisiún leis i leith an tionscail.


Le breis eolais a fháil, gliogáil ar láithreán gréasáin Learning Waves ag www.learningwaves.ie.