Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system

Forbairt na Gaeilge

Forbairt na Gaeilge


Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Forbartha Gaeilge a bhunaigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann i dteannta le Foras na Gaeilge, an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt sna stáisiúin raidió neamhspleácha.  Seo cuid des na himeachtaí a bheidh idir lámha ag an gCoiste i mbliana.

 

 

Cláracha Gaeilge

 

Fuaim agus Fís

Scéim deontais is ea Fuaim agus Fís a dearadh chun tacú le léiriú clár nua teilifíse agus raidió i réimsí cultúir, oidhreachta agus taithí mhuintir na hÉireann, agus i réimse na litearthachta do dhaoine fásta. Is mar thoradh ar An tAcht Craolacháin, 2003 a bunaíodh an scéim agus déantar maoiniú uirthi le 5% den táille ceadúnais teilifíse.  Tá breis eolais mar gheall ar na babhtaí maoinithe agus foirmeacha iarratais le fáil ar ár suíomh idirlín.

 

New Adventures in Broadcasting

Dearadh an scéim New Adventures in Broadcasting le cláracha nua, núálaíoch agus inmharthana a fhorbairt san earnáil craolacháin neamhspleách.  Beidh an scéim ag tarlú arís i 2007.  Beidh breis eolais maidir leis an scéim seo ar fáil ar ár suíomh idirlín.

 

Seó Cairte
D’oibrigh an Coiste i gcomhar le Digital Audio Productions le ‘Top 40 Oifigiúil na hÉireann’ a chur le chéile.  Tá an clár á chraoladh ag 12 stáisiún tráchtála agus bhuaigh sé duais PPI don chlár ceoil speisialta is fearr.

 

 Giotaí
D’oibrigh an Coiste i gcomhar le Digital Audio Producations le sliochtanna gearra agus bríomhara a chur ar fáil do stáisiúin le craoladh.  Maireann na Giotaí nóiméad ach tá said dea-léirithe, bríomhar agus suimiúil.

 

Comórtais

 

Réalt DJ

Is comórtas é Réalt DJ a eagraítear le stáisiúin raidió tráchtála ar fud na tíre le spéis daoine óga a spreagadh sa Ghaeilge agus in obair leis an raidió.  Ghlac naoi staisiún páirt sa chomórtas i 2005/2006.  Ba iad sin Spin 1038; Mid West Radio; FM104; 98FM; WLRFM; Radio Kerry; South East Radio; Midlands 103 agus Ocean FM.  Fógraíodh buaiteoir náisiúnta an chomórtais, Miriam Ní Mheachair (a chur isteach ar an gcomórtas tríd Spin 1038) ag imeacht in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill ar an 24 Eanáir 2007. 

 

Glór na nGael
Tá sé i gceist leanúint leis an urraíocht a dhéanann an Coiste ar chomórtais Glór na nGael, le haitheantas a thabhairt don stáisiún pobal agus tráchtála is fearr a chuireann an Ghaeilge chun cinn i rith na bliana.  Bronnfar duaiseanna na bliana seo i gConnemara ar an Satharn, 3ú Márta 2007.

 

Gael Linn

Déanann an Coiste urraíocht ar chomórtas a reachtálann Gael Linn go bliantúil do mhic léinn meánscoile.  Cuireann iarraitheoirí clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fhad le chéile ar ábhar a roghnaíonn siad féin.

 

Seachtain na Gaeilge

Déanfaidh an Coiste urraíocht ar cheardlanna raidió a eagrófar i stáisiúin raidió ar fud na tíre do dhaltaí bunscoile le linn Seachtain na Gaeilge (3-17 Márta 2007).  Eagrófar comórtas idir na scoileanna chomh maith, leis an clár raidió is fearr a aimsiú.

 

Oiliúint

 

Stáisiúin Tráchtála

Tá imeacht á eagrú faoi láthair do stáisiúin tráchtála.  Reachtálfar an imeacht seo ar an 6ú Márta i mBaile Átha Cliath.  Díreoidh an imeacht ar na deiseanna maoinithe a chuireann an scéim Fuaim agus Fís ar fáil do chláracha raidió trí mheán na Gaeilge ar stáisiúin raidió tráchtála.

 

Stáisiúin Pobail

Eagróidh CRAOL i gcomhar le Coimisiún Craolacháin na hÉireann dhá imeacht traenála do stáisiúin raidió pobail i rith na bliana.  Tá fo-choiste gníomhach ag CRAOL a bheidh ag obair leis an BCI le himeachtaí a reachtáil do stáisiúin raidió pobail i 2007.

 

Lámhleabhar Traenála Gaeilge

Tá an Coiste ag obair i gcomhar le Ian Ó Caoimh, Rosemary Day agus Wired Luimnigh le lámhleabhar traenála a chruthú dóibh siúd a oibríonn trí mheán na Gaeilge i stáisiúin raidió pobail.