Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system

Ceadúnú

Faoi láthair tá 54 seirbhís neamhspleách craolacháin in éirinn ceadúnaithe ag an gCoimisiún. Táimid freagrach as ceadúnú:


  • seirbhís náisiúnta chlár teilifíse (TV3),
  • seirbhís náisiúnta raidió (Today FM) agus
  • iomlán de 52 sheirbhís réigiúnda, áitiúil, pobail, pobal sainspéise agus in institiúidí.

Thosaigh an Coimisiún chomh maith ar phróiséas de sheirbhísí breise a cheadúnú ar chábla digiteach, MMD agus saitilít. Go dtí seo thugamar ceadúnais do cheithre chonraitheoir a sholáthraíonn ábhar ar léibhinn saitilíte agus cábla/MMD.

Eisíonn an Coimisiún ceadúnais sealadacha chomh maith, a cheadaíonn d’iarrthóirí craoladh ar feadh 30 lá in aon tréimhse 12 mí.

Tugtar ceadúnais do thréimhsí 10 mbliana do na seirbhísí náisiúnta, réigiúnda, áitiúla, sainspéise agus ábhar teilifíse uilig. tugtar ceadúnais do thréimhse 5 bhliana do sheirbhísí pobail, phobal sainspéise agus do sheirbhísí in institiúidí. Déantar seirbhísí sealadacha a leithroinnt 30 lá in aon tréimhse 12 mí.

Rialaíonn reachtaíocht gach seirbhís a cheadúnaíonn CCÉ, an tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988 agus an tAcht Craolacháin 2001.

  • Thug an tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988 an fhreagracht do CCÉ earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse a fhorbairt sa Stát seo. Tagann na seirbhísí analógacha atá ceadúnaithe ag CCÉ ó fhorálacha an Achta seo.
  • Mhéadaigh an tAcht Craolacháin 2001 téarmaí tagartha CCÉ le cead a thabhairt don Choimisiún ábhar a cheadúnú ar chórais digiteacha, cábla, MMD agus saitilíte. Chinn an Coimisiún tús áite a thabhairt do cheadúnú seirbhísí teilifíse agus tosóidh sé an obair ar sheirbhísí breise raidió a cheadúnú sa dara leath den bhliain 2005.

Sa rannóg Cheadúnú den láithreán tá faisnéis maidir le:

Gliogáil ar aon cheann de na naisc thuas i gcomhair breis faisnéise faoi na seirbhísí seo.