Broadcasting Commission of Ireland - LogoBCI - image of sound system

Ceadúnú Teilifíse

Altanna 36,38, 39 agus 41 seirbhísí teilifíse


Chuir an tAcht Craolacháin,2001 an fhreagracht ar CCÉ ábhar ar chórais digiteacha, chábla, MMD agus saitilite a cheadúnú. Ní shíneoidh CCÉ conarthaí leis na seirbhísí ach amháin i gcóir ábhair. Is ceist idirbheartaíochta idir na h-iarrthóirí agus na hoibritheoirí iompair iompar na seirbhísí seo, bíodh sé ar shaitilít, ar chábla nó ar mmd. Próiséas leanúnach is ea ceadúnú ábhair do na seirbhísí seo gan aon fráma ama agus gan aon phróiséas iomaíoch ceadúnú.

 

Déantar ceadúnú ar sheirbhísí breise de réir Alt 36,38, 39 agus 41 den Acht Craolacháin, 2001. Ghlac an Coimisiún cinneadh go mbeidh ceadúnais de réir Alt 39 ar ábhar chomórtais oscailte, de bharr go gcaithfear na seirbhísí seo a iompar ar chórais chábla agus MMD. Is féidir teacht ar mhionsonraí breise faoi na conarthaí ábhair seo thíos:

Gliogáil ar aon cheann de na naisc thíos le breis mionsonraí faoi gach ceann de na seirbhísí seo a fháil.

Doiciméad Beartais Ceadúnú Teilifíse

Seoladh an doiciméad beartais ceadúnú teilifíse i mí Iúil 2004 le creat a sholáthar do cheadúnú sheirbhísí bhreise de réir Achta 2001. Áirítear leis na príomh-cheisteanna sa doiciméad:

 

  • An próiséas chun beartas ceadúnú a fhorbairt                      
  • treoirphrionsabail rialúcháin CCÉ.
  • An creat reachtaíochta
  • Achoimre príomh-spriocanna beartais
  • Straitéis i leith ceadúnú agus nósanna imeachta dámhachtain conarthaí ábhair.
  • Forálacha i gcóir athbhreithniú ar bheartais.

Doiciméad Beartais i leith Úinéarachta agus Rialú

Rinne an tAcht Raidió agus Teilifíse,1988 riachtanas de go ndéanfadh CCÉ beartas a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a chuireann san áireamh iolraíocht úinéarachta agus éagsúlacht ábhair sa gcraoltóireacht. Tugann an tAcht Craolacháin 2001, a cheadaíonn tabhairt isteach iliomad seirbhísí analógacha agus digiteacha raidió agus teilifíse, aghaidh chomh maith ar éagsúlacht foinsí agus ábhair, ar mhaithe leis na héisteoirí agus an lucht féachana. Clúdaíonn an Doiciméad Úinéarachta agus Rialú:

 

  • treoirphrionsabail rialúchái
  • an creat reachtúil
  • spriocanna beartais agus
  • mionsonraí beartais

Gliogáil anseo le leagan pdf den doiciméad i leith úinéarachta agus rialú a fheiceáil.