Preas-eisiúint 2005
‘Sound & Vision’ an chéad bhabhta oscailte anois
24ú Deireadh Fómhair 05
Tá sonraí nua ar fáil inniu ón BCI ar an gcéad bhabhta den Scéim (Maoiniú) Craolacháin “Sound & Vision”. Tá fáilte anois roimh iarratais ar mhaoiniú do chlaracha nua raidió agus theilifíse ar chultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann, maraon le litéearthacht i measc daoine fásta.
Féadfaidh Daoine Aonair, Léiritheoirí Neamhspleácha, Cuideachtaí Léiriúcháin agus Craoltóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo ag a bhfuil urraíocht bliantúil de 5% de ghlanioncaim thaillí na gceadúnas teilifíse. Is ionann seo agus thart ar €8m euro sa bhliain. Ghlac an t-Aontas Eorpach leis an Scéim le déanaí agus deimhníodh go raibh an Scéim ag cloí le rialacha iomaíochta agus rialacha i leith cúnamh stáit.
Ag labhairt dó ar oscailt na scéime dúirt Michael O´Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BCI, “Tá an-áthas orm anois go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais don chéad bhabhta den Scéim seo. Tá muid ag obair le roinnt míonna anuas leo siúd atá bainteach leis an tionscail nuair a bhí muid ag fanacht ar scéal ón Eoraip chun brú ar aghaidh leis an Scéim agus tá muid anois ag tnúth go mór ár gcaidrimh leo siúd a dhlúthú. Táimid ag súil, freisin, le hiarratais ar chláir nua agus nuálacha ar ard-chaighdeán dírithe ar lucht féachana agus éisteachta na tíre seo.
Tá gach genre cláir ar théamaí chultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann, agus litearthacht do dhaoine fásta, incháilithe do mhaoiniú faoin scéim seo; cláir faisnéise, drámaíochta, beochana, oideachais, agus cláir do leanaí san áireamh. Is i bhfoirm dheontais suas go 95% den chostas a bheidh sa mhaoiniú.
Glacfar le hiarratais suas go until 12 meánlae ar an 16ú Nollaig. Tá foirmeacha iarratais maraon le treoracha do iarratasóirí ar fáil ar láithreán BCI ag www.bci.ie.
Tuilleadh eolais ar fáil ó na hOifigigh Coimisiúnúcháin, Diarmaid Breathnach nó Catherine Fitzgerald.
Beidh an t-Aire Noel Dempsey T.D. ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i láthair ag seoladh oifigiúil ‘Sound & Vision’ ar an 8ú Samhain.
-Deireadh-
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Catherine Logan or Aoife Clabby
Fleishman Hillard BCI
01 6188462 or 086 8114785 01 6441200