Taighde agus Tuarascálacha
De réir théarmaí tagartha leathnaithe CCÉ agus de réir an Achta Craolacháin,2001, déanann an Coimisiún agus/nó déanann sé coimisiúnú ar thaighde chun cabhrú le forbairt bheartas craolacháin in Éirinn, i gcomhthéacs athruithe sa teicneolaíocht, athruithe i reachtaíocht an AE, formáidí nua chláracha agus treochtaí agus taithí idirnáisiúnta
Rinneadh iniúchadh ar go leor réimsí agus eisíodh tuarascálacha ar líon áirithe príomh-théamaí lena n-áirítear fógraíocht agus leanaí, ceadúnú teilifíse, craolacháin in aimsir todhcháin agus rochtain ar theilifís don bpobal a bhfuil lagamhairc orthu agus do phobal na mbódhar.
Cáipéisí Taighde an BCI maidir le Cóid agus polasaithe.
JNLR
Taighde eile a rinneadh ar son Choiste JNLR is ea taighde an Chomhthaighde Náisiúnta faoi Éisteoirí (JNLR). Is é aidhm shuirbhé an Chomhthaighde Náisiúnta faoi Éisteoirí (JNLR) meastúcháin iontaofa ar lucht éisteachta na Stáisiún Náisiúnta, Réigiúnda agus Áitiúil in Éirinn. D’úsáidfí an fhaisnéis seo mar bhonn do phleanáil na sceideal fógraíochta.
Déanann TNS/MRBI an taighde do Choiste an CNÉ, an eagraíocht atá freagrach as coimisiúnú agus rialú taighde faoi lucht éisteachta in Éirinn. Tá sé déanta suas as ionadaithe ó RTÉ, Today FM, CCÉ, IAPI (Institiúd Chleachtóirí Fógraíochta in Éiirinn) agus AAI( Cumann Fógróirí na Éireann) – i.e. na hEagraíochtaí Craolacháin uilig; na Gníomhaireachtaí Fógraíochta; agus na príomh-fhógróirí.
Gliogáil anseo do torthaí JNLR.