Forbairt na Gaeilge / Irish Language Development
Forbairt na Gaeilge
Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Forbartha Gaeilge a bhunaigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann i dteannta le Foras na Gaeilge, an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt sna stáisiúin raidió neamhspleácha. Seo cuid des na himeachtaí a bheidh idir lámha ag an gCoiste i mbliana.
Cláracha Gaeilge
Fuaim agus Fís
Scéim deontais is ea Fuaim agus Fís a dearadh chun tacú le léiriú clár nua teilifíse agus raidió i réimsí cultúir, oidhreachta agus taithí mhuintir na hÉireann, agus i réimse na litearthachta do dhaoine fásta. Is mar thoradh ar An tAcht Craolacháin, 2003 a bunaíodh an scéim agus déantar maoiniú uirthi le 5% den táille ceadúnais teilifíse. Tá breis eolais mar gheall ar na babhtaí maoinithe agus foirmeacha iarratais le fáil ar ár suíomh idirlín.
New Adventures in Broadcasting
Dearadh an scéim New Adventures in Broadcasting le cláracha nua, núálaíoch agus inmharthana a fhorbairt san earnáil craolacháin neamhspleách. Beidh an scéim ag tarlú arís i 2007. Beidh breis eolais maidir leis an scéim seo ar fáil ar ár suíomh idirlín.
Seó Cairte
D’oibrigh an Coiste i gcomhar le Digital Audio Productions le ‘Top 40 Oifigiúil na hÉireann’ a chur le chéile. Tá an clár á chraoladh ag 12 stáisiún tráchtála agus bhuaigh sé duais PPI don chlár ceoil speisialta is fearr.
Giotaí
D’oibrigh an Coiste i gcomhar le Digital Audio Producations le sliochtanna gearra agus bríomhara a chur ar fáil do stáisiúin le craoladh. Maireann na Giotaí nóiméad ach tá said dea-léirithe, bríomhar agus suimiúil.
Comórtais
Réalt DJ
Is comórtas é Réalt DJ a eagraítear le stáisiúin raidió tráchtála ar fud na tíre le spéis daoine óga a spreagadh sa Ghaeilge agus in obair leis an raidió. Ghlac naoi staisiún páirt sa chomórtas i 2005/2006. Ba iad sin Spin 1038; Mid West Radio; FM104; 98FM; WLRFM; Radio Kerry; South East Radio; Midlands 103 agus Ocean FM. Fógraíodh buaiteoir náisiúnta an chomórtais, Miriam Ní Mheachair (a chur isteach ar an gcomórtas tríd Spin 1038) ag imeacht in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill ar an 24 Eanáir 2007.
Glór na nGael
Tá sé i gceist leanúint leis an urraíocht a dhéanann an Coiste ar chomórtais Glór na nGael, le haitheantas a thabhairt don stáisiún pobal agus tráchtála is fearr a chuireann an Ghaeilge chun cinn i rith na bliana. Bronnfar duaiseanna na bliana seo i gConnemara ar an Satharn, 3ú Márta 2007.
Gael Linn
Déanann an Coiste urraíocht ar chomórtas a reachtálann Gael Linn go bliantúil do mhic léinn meánscoile. Cuireann iarraitheoirí clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fhad le chéile ar ábhar a roghnaíonn siad féin.
Seachtain na Gaeilge
Déanfaidh an Coiste urraíocht ar cheardlanna raidió a eagrófar i stáisiúin raidió ar fud na tíre do dhaltaí bunscoile le linn Seachtain na Gaeilge (3-17 Márta 2007). Eagrófar comórtas idir na scoileanna chomh maith, leis an clár raidió is fearr a aimsiú.
Oiliúint
Stáisiúin Tráchtála
Tá imeacht á eagrú faoi láthair do stáisiúin tráchtála. Reachtálfar an imeacht seo ar an 6ú Márta i mBaile Átha Cliath. Díreoidh an imeacht ar na deiseanna maoinithe a chuireann an scéim Fuaim agus Fís ar fáil do chláracha raidió trí mheán na Gaeilge ar stáisiúin raidió tráchtála.
Stáisiúin Pobail
Eagróidh CRAOL i gcomhar le Coimisiún Craolacháin na hÉireann dhá imeacht traenála do stáisiúin raidió pobail i rith na bliana. Tá fo-choiste gníomhach ag CRAOL a bheidh ag obair leis an BCI le himeachtaí a reachtáil do stáisiúin raidió pobail i 2007.
Lámhleabhar Traenála Gaeilge
Tá an Coiste ag obair i gcomhar le Ian Ó Caoimh, Rosemary Day agus Wired Luimnigh le lámhleabhar traenála a chruthú dóibh siúd a oibríonn trí mheán na Gaeilge i stáisiúin raidió pobail.
English Version
Irish Language Development
The Irish Language Development Committee, set up by the BCI in conjunction with Foras na Gaeilge, aims to promote and develop the use of the Irish language within the independent broadcasting sector. The following is a brief overview of some of the activities that the Committee will be involved with during the year.
Programming
Sound and Vision
Sound and Vision is a grant scheme designed to support the production of new television and radio programmes in the areas of Irish culture, heritage and experience and adult literacy. The Scheme is the result of the Broadcasting (Funding) Act, 2003 and is funded by 5% of the television licence fee. More information in relation to the various rounds of funding and application forms can be obtained on our website.
New Adventures in Broadcasting
The New Adventures in Broadcasting Scheme was designed to promote the development of new, innovative and sustainable programming within the independent sector. The scheme will be launched again in 2007. Further information about this scheme will be available on our website.
Chart Show
The Committee worked in conjunction with Digital Audio Productions to produce ‘Top 40 Oifigiúil na hÉireann’. 12 commercial radio stations continue to broadcast this programme and it has also won a PPI award for the best specialist music programme.
Giotaí
The Committee worked in conjunction with Digital Audio Productions to produce a series of short, energetic segments for stations to broadcast. ‘Giotaí’ last about a minute and are well-produced, energetic and interesting.
Competitions
Réalt DJ
Réalt DJ is a competition organised in conjunction with commercial radio stations throughout the country to encourage an interest in the Irish language and in radio broadcasting among young people. Nine stations took part in the competition in 2005/2006. These stations were Spin 1038; Mid West Radio; FM104; 98FM; WLRFM; Radio Kerry; South East Radio; Midlands 103 and Ocean FM. The overall winner of the competition, Miriam Ní Mheachair, (who entered the competition through Spin 1038) was announced at an event in the Temple Bar Music Centre on the 24th January 2007.
Glór na nGael
The Committee intends to continue sponsoring the Glór na nGael competition to award a prize to the commercial and community station that best support and promote the Irish language throughout the year. This years prize giving will take place in Connemara on Saturday, 3rd March 2007.
Gael Linn
The Committee will also sponsor an annual competition organised by Gael Linn for secondary school students. Applicants will produce a 15-20 minute programme on a subject of their choice.
Seachtain na Gaeilge
The Committee will sponsor radio workshops that will be organised for primary school pupils during Seachtain na Gaeilge (3-17 March 2007). A competition will be organised as well, to select the best produced radio programme.
Training
Commercial Stations
A training event is being organised for commercial stations. This event will be held on the 6th March. The event will focus on the funding opportunities that the Sound and Vision scheme presents for Irish Language programming on Commercial Radio.
Community Stations
CRAOL will organise two training events for Community Radio Stations in conjunction with the BCI this year. CRAOL has an active Irish language sub-committee which will be working with the BCI to run a number Irish language initiatives for community radio in 2007.
Irish Language Training Manual
The Committee is working in conjunction with Ian Ó Caoimh, Rosemary Day and Wired Luimnigh to produce an Irish Language training manual for those working with Irish in Community Radio stations.