Buaiteoir Chomórtais Réalt DJ Fógraithe
4 Bealtaine 05
Fógraíodh buaiteoir chomórtais Réalt DJ, i gcomhpháirt le Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) agus Foras na Gaeilge, ag ócáid i Lárionad Cheoil Bharra an Teampaill le déanaí. Ba é Scott de Buitléar, ó Spin 1038, a bhuaidh an comórtas i mbliana. Ins an duais a bhuaidh Scott bhí deis craoladh ar an aer ar Spin FM, seans a bheith ar chairtchlár popcheol TG4, Pop 4, agus beidh sé gach seachtain ar an seó "Top 40 Oifigiúil na hÉireann".
"Sí seo an dara bhliain den gcomórtas agus mheall sé beagnach céad iomaitheoir. Tugann an scéim an deis dóibh siúd gur mhaith leo a bheith ina DJ³anna craoladh trí mheán na Gaeilge ar a stáisiúin áitiúla. Roghnaigh gach ceann den sé stáisiún a ghlac páirt gearrliosta d´iomaitheoirí, a fhreastal ar ócáid oiliúna i mí Eanáir ag a raibh Lisa Ní Choisdealbha ón gCoimisiún agus Ray Foley ó Today FM mar thíosaigh. Mar thoradh air seo roghnaíodh duine amháin ó gach stáisiún le dul ar aghaidh go dtí an chraobh.
B´iad Scott de Buitléar (Spin FM), Seoirse Ní Mhaoinigh (Midlands 103), Áine Tunney (Highland Radio), Clare-Leanne Gannon (Clare FM) agus Nicola O Callaghan (Red FM) an cúigear iomaitheoir i graobh an chomórtais.
Agus é ag tagairt don bhfógra dúirt Michael O Keeffe, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin, "ba mhaith liom tréaslú le Scott de Buitléar agus leis na hiomaitheoirí eile ar fad a ghlac páirt i gcraobhchomórtas Réalt DJ na bliana seo. Léiríonn caighdeán na n-iontrálaithe a fuarthas i mbliana an fhorbairt atá ag teacht ar an gcomórtas agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na stáisiúin uilig a ghlac páirt as an gcomórtas raidió nuálach, beomhar seo a chur chun cinn. Táimid féin agus Foras na Gaeilge araon ag súil le forbairt leanúnach na scéime seo sna blianta atá romhainn".
Rosemary Day, (Coláiste Mhuire gan Smál), Ray Foley (Today FM) agus Peadar Mac Gaoithín (Anner Media) a bhí mar mhóltóirí don chraobh.
Tugann CCÉ agus Foras na Gaeilge, trí Lisa Ní Choistealbha, comhordaitheoir Gaeilge an Choimisiúin, tacaíocht ghníomhach agus spreagadh d´úsáid na Gaeilge ar an raidió. Is ceann de shraith imeachtaí a úsáidtear chun an sprioc seo a bhaint amach an comórtas Réalt DJ.
Tuilleadh eolais:
Catherine Logan or Aoife Clabby
Fleishman-Hillard CCÉ
01-618 8462 01-6441200